Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2025-03-06 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford An bhfuil an tAire ag rá go bhfuil an srian agus an bac ar fhoilsiú na dtreoirlínte pleanála Gaeltachta bainteach leis an Roinn tithíochta agus nach bhfuil sé ag teacht ó Roinn na Gaeltachta? Is nuacht é sin domsa. Mar dhuine atá ag maireachtáil sa Ghaeltacht agus a bhfuil clann á thógáil aige i nGaeltacht na nDéise, feicim mo chomharsana, mo chomhghleacaithe agus mo chairde síos leis an ngéarchéim seo. Ní féidir leo maireachtáil, clann a thosú nó a bheith ina gcónaí ina bpobal féin. Tá sé sin ag cur todhchaí na Gaeltachta i mbaol. Tá beart de réir briathair ag teastáil anois. Foilsigh na treoirlínte seo agus cur ar fáil láithreach na hacmhainní agus cumhachtaí breise atá ag teastáil ón údarás chun gur féidir leis dul i ngleic leis seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:35+00:00 Sitting date: 2025-03-06