Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2025-03-06 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Tuigim an cheist atá á cur os comhair na Dála ag an Teachta ach is ceist don Roinn tithíochta ceist na dtreoirlínte ar an gcéad dul síos. Beidh na hAirí, na Teachtaí Calleary agus Browne, ag obair go luath chun an t-ábhar sin a réiteach. Mar is eol don Teachta, agus mar a dúirt mé cheana féin, tá an t-aonad atá ag obair le cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge imithe ó mo Roinn. Níl amhras orm go bhfuil sé an-tábhachtach don Aire, an Teachta Calleary, an t-ábhar sin a réiteach mar tá Gaeltacht ina Dháilcheantar féin i gContae Mhaigh Eo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:35+00:00 Sitting date: 2025-03-06