Road Projects Dail Éireann — 2025-03-06 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Cuirfidh scéim na mbóithre áise go mór le hinfreastruchtúr agus le caighdeán maireachtála phobail na Gaelainne. Is é an chéad cúpla méadar den bóthar ar a mbíonn daoine ag taisteal gach maidin agus an píosa deireanach den bhóthar ar a mbíonn siad ag taisteal sa tráthnóna atá i gceist. Is deis é seo chun na píosaí sin a fheabhsú. Glacaim leis go bhfuil sé luath go leor go fóill. An bhfuil an tAire in ann a rá cé acu Roinn na Gaeltachta nó na comhairlí contae a bheidh ag láimhseáil na n-iarratas agus an srutha airgid seo? An bhfuil aon leagan amach nó aon tuairimíocht mar gheall air sin? Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh scéim na mbóithre áise ag feidhmiú in éineacht leis an scéim feabhsaithe áitiúil ionas go mbeidh buntáiste ag pobail na Gaeltachta, seachas scéim amháin nó scéim eile a bheith ar fáil dóibh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:35+00:00 Sitting date: 2025-03-06