Road Projects Dail Éireann — 2025-03-06 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Níl mé in ann an cheist sin a fhreagairt. B’fhéidir go mbeidh seans ag an Aire, an Teachta Calleary, an rud sin a réiteach nuair a bheidh sé ag freagairt na gceisteanna eile maidir leis an Roinn nua, a mbeidh freagracht na Gaeltachta faoina cúram. Tuigim, áfach, cé chomh tábhachtach is atá an cheist sin maidir leis na mbóithre sna ceantair Ghaeltachta mar chaith mé tréimhse sa Ghaeltacht nuair a bhí mé i m’Aire Stáit leis an Teachta Moynihan agus leis an iarTheachta Creed agus an pobal i gCorcaigh. Mar sin, tuigim cé chomh tábhachtach is atá an scéim. Tá sé geallta sa clár Rialtas go n-aontófar an scéim sin go luath. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:35+00:00 Sitting date: 2025-03-06