Road Projects Dail Éireann — 2025-03-06 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Tá an tAire tagtha chuig an chéad ábhar eile ansin nuair a deir sé go n-aontófar í go luath. Is dócha gurb í an cheist is mó atá ag a lán daoine ná cathain a bheidh an scéim ann. An bhfuil a fhios ag an Aire an bhfuil sé in aigne go mbeidh sí ar fáil i gcomhair an chéad cáinaisnéis eile agus go mbeidh daoine ábalta iarratais a dhéanamh in 2025 i gcomhair oibreacha, b’fhéidir, in 2026? Cé go nglacaim leis go bhfuil sé luath go leor fós agus nach bhfuil ach roinnt den obair tosaithe ar na scéimeanna nua agus ar spriocanna an chlár Rialtais a bhaint amach, is ceann an-tábhachtach í seo i gcomhair phobail na Gaeltachta go bhféadfaí a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir. Is dócha go bhfuil an deis ann chun riachtanais na scéime a leagan síos. Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh sí in éineacht leis an scéim feabhsaithe áitiúil agus nach mbeidh sí ag glacadh a háite. Caithfidh go mbeidh sí ar fáil gan puinn sriana agus go mbeidh deis ag an-chuid de phobal na Gaeltachta í a chur i bhfeidhm. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:35+00:00 Sitting date: 2025-03-06