Meath na Gaeltachta Dail Éireann — 2025-03-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tá an cheist seo dírithe ar cheist a d'ardaigh mo chomhghleacaí, an Teachta Conor D. McGuinness, cheana féin maidir leis an ngéarchéim tithíochta. Is é an chéad rud ná le haithint go bhfuil géarchéim ann. Má aithníonn an Rialtas é sin, cad atá na hAirí ag déanamh maidir leis an gceist seo? Chuala mé an freagra a thug sé níos luaithe, ach sa chás seo, céard iad na dátaí agus na sonraí maidir leis an gcaidreamh idir an dá Roinn le tamall de bhlianta anuas ó thaobh treoirlínte pleanála? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:35+00:00 Sitting date: 2025-03-06