Meath na Gaeltachta Dail Éireann — 2025-03-06 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Déanann sé sin beagáinín níos soiléire agus b'fhéidir beagáinín níos doiléire é. Thar na blianta, chuir mé an cheist seo ar an Aire go minic, agus, i gceart dó, thug sé freagra lom amach dom ar an gceist seo maidir leis an moill i gcónaí agus cuireadh an milleán ar an Roinn tithíochta. Ansin, chuir mé an cheist ar an Aire, an Teachta Ó Brien, a bhí i gceannas ar thithíocht ag an am, agus chuir sé an milleán ar ais ar an Aire. Tá sé ag dul siar agus ar ais agus b'fhéidir go bhfuil an t-ádh ar an Aire anois nach mbeidh na feidhmeanna seo air agus is féidir leis an Aire, an Teachta Calleary, an freagra céanna a thabhairt dom. Sin mar dealraíonn sé ag don dream atá ag féachaint isteach ar an áit seo - go bhfuil Aire amháin ag cur an mhilleáin ar an Aire eile. Sa deireadh thiar thall, dúradh linn in 2021 go mbeidh siad seo foilsithe sár i bhfad, agus anois faigheann muid freagra nua gach sé mhí. Cad é an dáta a shíleann an tAire a mbeidh siad foilsithe? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:35+00:00 Sitting date: 2025-03-06