Meath na Gaeltachta Dail Éireann — 2025-03-06 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Mar is eol don Teachta, is é an tAire tithíochta an tAire a bhfuil freagracht don pholasaí tithíochta sa Dáil seo air. Tá an rud sin soiléir. Maidir leis an rud a rinne mé, tá a fhios ag an Teachta go ndearna mé mo dhícheall an cheist sin a réiteach nuair a bhí mé i Roinn na Gaeltachta ag obair leis an Aire, an Teachta O'Brien. Tá súil agam go mbeidh an tAire, an Teachta Calleary, in ann teacht os comhair na Dála go luath leis an Aire, an Teachta Browne, chun an cheist sin a réiteach. Níl aon amhras orm go bhfuil sé sin an-tábhachtach agus sa fhreagra a thug mé cheana féin don Teachta McGuinness ó Phort Láirge luaigh mé cé chomh tábhachtach is atá sé. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire, an Teachta Calleary, ag obair ar an ábhar sin mar tá ceantair Gaeltachta i gContae Mhaigh Eo aige agus tuigeann sé cé chomh tábhachtach is atá an cheist seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:35+00:00 Sitting date: 2025-03-06