Meath na Gaeltachta Dail Éireann — 2025-03-06 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Tuigim an ról atá agam faoi láthair mar Aire sa Rialtas, ach ag am céanna tuigfidh an Teachta go bhfuil an t-aonad Gaeltachta agus Gaelainne imithe ó mo Roinn. Níl siad ann. Tá an t-aonad ag obair leis an Aire, an Teachta Calleary. Níl aon dabht orm ach go bhfuil an tAire, an Teachta Calleary ag tnúth leis an gcéad uair ina mbeidh sé os comhair an choiste agus i dteagmháil leis na Teachtaí Ó Snodaigh agus Moynihan, leis an gCathaoirleach agus le pé Theachta eile a bhfuil suim aige nó aici i gcúrsaí Gaeltachta agus Gaelainne. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:35+00:00 Sitting date: 2025-03-06