Seachtain na Gaeilge: Ráitis Seanad Éireann — 2025-03-06 ============================================================ Margaret Murphy O'Mahony (FF), Labour Panel Níl ach cúpla nóiméad ag teastáil uaim. Cuirim fáilte ar ais roimh mo chara, an tAire Stáit. Déanaim comhghairdeas leis. Go n-éirí an t-ádh leis. Tá an-áthas orm a bheith anseo inniu ag caint faoi Sheachtain na Gaeilge. Inseoidh mé mo scéal féin. Fadó fadó, nuair a bhí mé óg agus ag déanamh m'ardteistiméireachta, bhí múinteoir Gaeilge an-mhaith agam. Mother Bernadette is ainm di. Is múinteoir an-mhaith í agus, mar sin, bhí Gaeilge fhlúirseach agam agus ag gach cailín i mo rang. Thar na blianta, ní raibh mé ag labhairt Gaeilge áfach agus, mar sin, níl ach Gaeilge cuibheasach maith agam anois. Tá orm í a chleachtadh. Tá suim mhór agam sa Ghaeilge agus táim i ngrá léi ach tá orm í a chleachtadh. Muna bhfuil Gaeilge líofa agat nó má tá cúpla focal agat, ba chóir úsáid a bhaint aisti i rith Sheachtain na Gaeilge agus taitneamh a bhaint as. It is very important that, even if people only have a few words such as "Go raibh maith agat", they should be encouraged to use them. Whether you have only one word or whether you are fluent, it should be acceptable and encouraged to use the language. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2025-03-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:35+00:00 Sitting date: 2025-03-06