Seachtain na Gaeilge: Ráitis Seanad Éireann — 2025-03-06 ============================================================ Eileen Lynch (FG), Agricultural Panel Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus gabhaim buíochas leis as ucht a bheith anseo linn inniu do Sheachtain - nó coicís - na Gaeilge. Táimid bailithe inniu chun labhairt faoi rud atá fíorthábhachtach dúinn mar mhuintir na hÉireann, is é sin ár dteanga dhúchais, an Ghaeilge, agus í a chur chun cinn. Is cuid dár bhféiniúlacht í an Ghaeilge. Is í an nasc idir sinne agus ár sinsear, teanga a mhair tríd na cianta agus a lán dúshláin. Nuair a labhraímid í, tugaimid beocht dár stair agus dár gcultúr. Ní hamháin gur oidhreacht í an Ghaeilge ach is deis í freisin. Osclaíonn sí doirse do phobal bríomhar, do shaothar liteartha iontacha agus do dheiseanna oibre i saol an aistriúcháin, na meáin agus saol an oideachais. Tá suim ag níos mó daoine ar fud an domhain sa Ghaeilge ná mar a bhí riamh. Ach is fúinne atá sé í a chaomhnú agus a chur chun cinn. Tá sí beo nuair a labhraímid í, nuair a mhúinimid dár bpáistí í, agus nuair a úsáidimid í sna siopaí, sna scoileanna agus ar na sráideanna – timpeall na háite. Ní leor í a chosaint; caithfimid í a húsáid. Mar a deir an seanfhocal “beatha teanga í a labhairt”. Mar sin, bíodh misneach againn ár dteanga a labhairt, is cuma cén leibhéal atá againn. Uaireanta, bíonn achrann agus leisce ag baint le bheith ag labhairt Gaeilge mar ceapann daoine go bhfuil gá dóibh Gaeilge fhoirfe a bheith acu. Ach ní hé sin an cás in aon chor. Bheadh sé níos fearr dá mbeadh muinín ag daoine cúpla focal a úsáid go laethúil. Is ár dteanga í agus tá sé an-tábhachtach go mbeadh daoine in ann í a labhairt, cibé má tá sé líofa nó le pidsean-Ghaeilge. Ba mhaith liom ceist a bhaineann le Gaeltacht Mhúscraí i mo cheantar féin i gCorcaigh Thiar Thuaidh a bhaineann le tithíocht a ardú. Is ceist thromchúiseach sa réimse seo í an easpa tithíochta a bheith ar fáil. Creidim go bhfuil an mhoill ar fhoilsiú na ndréacht-threoirlínte pleanála don Ghaeltacht ag cur bac ollmhór ar fhorbairt tithíocht sna ceantair Ghaeltachta. Tá na treoirlínte seo ar bun ó 2022 agus tá sé ríthábhachtach go bhfoilseofar iad mar ábhar práinne chun go bhfanfadh ár gceantair Ghaeltachta bríomhar, chun a chinntiú nach laghdóidh líon na scoileanna, chun gur féidir le foirne áitiúla leanúint ar aghaidh ag dul chun cinn, agus chun go ndéanfaimid ár ndícheall ár gceantair Ghaeltachta a chosaint. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2025-03-06/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:35+00:00 Sitting date: 2025-03-06