Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation Dail Éireann — 2025-03-26 ============================================================ Naoise Ó Muirí (FG), Dublin Bay North I thank the Ceann Comhairle, and commend her for keeping the car between the ditches yesterday, which was a difficult workday for her. Cuirim fáilte roimh Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 agus na hathruithe atá i gceist ó thaobh bord an údaráis a thoghadh. Tá athruithe beaga sa Bhille ó thaobh an t-údarás a bheith in ann talamh a dhíol le AHBs nó le húdaráis tithíochta, chun dídean a chur ar fáil i gceantar Gaeltachta. Tá aidhm ar leith i gclár an Rialtais go n-oibreodh an Rialtas le hÚdarás na Gaeltachta chun cinntiú go bhfuil a dhóthain tithíochta agus seirbhísí poiblí ar fáil i gceantair Ghaeltachta. Creidim féin gur féidir leis an údarás ról lárnach agus deimhneach a bheith aige, má chuirtear na hacmhainní cearta ar fáil dó. An aontaíonn an Taoiseach liom go mbeidh Acht nó Bille eile ag teastáil chun an aidhm seo a chur i gcrích? B'fhéidir go bhféadfadh sé iarraidh ar an Aire nó ar an Roinn amchlár a leagan amach don Bhille seo más rud é go n-aontaíonn sé. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:38+00:00 Sitting date: 2025-03-26