Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste Dail Éireann — 2025-03-26 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tá ceist agam maidir leis seo agus is é seo ceann de na rudaí atá gafa chomh maith le leasú atá agam níos sia ar aghaidh. Tá míniú á thabhairt anseo maidir le comhaltaí ceaptha. Táim den tuairim nár chóir go mbeadh comhaltaí ceaptha ach gur comhaltaí tofa a bheadh i gceist. Ar líne 11, ar leathanach 9 den Bhille luaitear i lúibíní: “ciallaíonn ‘comhalta ceaptha’ comhalta dá dtagraítear in alt 6(2)(a)”. Is é sin an ceann atá i gceist agam i leasú Uimh. 2. Is é sin an fáth go mbeadh sé i gceist agam leasú a chur síos ar Chéim na Tuarascála chun déileáil leis seo ag an staid sin seachas díreach ar an gCéim atá luaite i leasú Uimh 2. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:38+00:00 Sitting date: 2025-03-26