Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste Dail Éireann — 2025-03-26 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Táimid ag déileáil le halt 4 agus an chuid a deir go leasaítear an príomh-Acht leis an alt seo a chur isteach. Is alt 5A(2)(b) atá i gceist agam. Tá sé beagáinín níos casta ná an ghnáthfhoráil a bheadh ann ag an staid seo. Níl a fhios agam ach tuigim, uaireanta, go mbíonn nithe breise de dhíth ar an Aire nach bhfuil clúdaithe sna rialacháin ach tá sé seo ag dul chun tosaigh ar na rialacháin i mo thuairim féin agus níl aon oversight ag an gcoiste nó ag an Dáil ar na rialacháin atá anseo mar níl sé leagtha síos. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:38+00:00 Sitting date: 2025-03-26