Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste Dail Éireann — 2025-03-26 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Níl leasú curtha síos agam mar nílim ag rá go bhfuil mé ina choinne. Nílim ach ag iarraidh ceist a chur ar an bhfáth go bhfuil sé chomh hoscailte sin. B'fhéidir gur gnáthfhoráil é ach ní cuimhin liomsa é a bheith chomh hoscailte sin i reachtaíocht eile. Más é seo an gnáthchleachtas, bheinn ag cur leasú amach anseo ag rá má tá rialachán dá leithéid á dhéanamh gur chóir go mbeadh an rialachán seo ag teacht os comhair an choiste agus an tAire ag teacht chun míniú a thabhairt ar an bhfáth go bhfuil sé ann mar go bhfuilimid ag bogadh sa treo nach bhfuil rialacháin díreacha á ndéanamh ag an Aire ar aon rud seachas mionrudaí ar gá dó nó di a dhéanamh. Má táimid ag déanamh rialachán, ba chóir go mbeimid in ann déileáil leo istigh anseo nó sa choiste. Is é sin an tuairim atá agam, ní hamháin leis an reachtaíocht seo ach maidir leis an reachtaíocht i gcoitinne. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:38+00:00 Sitting date: 2025-03-26