Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste Dail Éireann — 2025-03-26 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Chun a bheith soiléir, táim fós ag rá go mbeidh an cathaoirleach ceaptha ag an Aire ach b'fhéidir go mbeimid in ann na cáilíochtaí, the qualifications, a bheidh ag an gcathaoirleach chun an jab a dhéanamh a shoiléiriú ionas go mbeidh cosaint ann maidir le haon neamhspleáchas. Le cuidiú liom, ar mhiste leis an Teachta Ó Snodaigh agus an Teachta Ní Chonghaile freisin é sin a dhéanamh? Tugaim cuireadh d’aon Teachta eile atá ag éisteacht a dtuairimí faoi na cáilíochtaí a bheidh ag cathaoirleach an údaráis a thabhairt ar ais dom. Dúirt an Teachta Ó Snodaigh gur poist dhifriúla iad. Is bord Stáit é ach is bord an údaráis é freisin agus iarraim ar an Teachta a mheas a thabhairt ar na cáilíochtaí, ina thuairim agus ina thaithí féin, gur chóir go mbeadh ag an gcathaoirleach. Níl mé ag rá nach mbeidh an chumhacht ag an Aire chun é nó í a cheapadh ach táim ag rá go mb'fhéidir go mbeimid in ann leagan amach an saghas cáilíochtaí a bheidh aige nó aici a phlé le go mbeimid soiléir faoi sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:38+00:00 Sitting date: 2025-03-26