Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste Dail Éireann — 2025-03-26 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tacaím leis an Teachta McGuinness. BhÍ sé scannalach go raibh daoine ar bhord Údarás na Gaeltachta ag tréimhsí difriúla nach raibh cumas Gaeilge maith go leor acu chun tuiscint a bheith acu ar céard a bhí ag tarlú ag an mbord nó na doiciméid a thuiscint. Luaigh an tAire saineolas ach ní raibh fiú amháin an bunleibhéal acu chun tuiscint cheart a bhaint as na doiciméid a bhí á seoladh ag an údarás. Níl mé ag rá gur chóir go mbeadh tuiscint ag gach duine ag leibhéal saineolais innealtóireachta nó a leithéid agus uaireanta bíonn sé sin deacair ar dhaoine é sin a dhéanamh, nó léarscáileanna nó doiciméid tógála a léamh, ach ba chóir go mbeadh siad in ann buntuarascálacha i nGaeilge a léamh. Tá muid ag iarraidh a chinntiú go mbeidh chuile dhuine a bheidh san iomaíocht sa toghchán nó a bheidh ainmnithe ag an Aire, mar tá an tAire ag iarraidh daoine a ainmniú anois, in ann é sin a dhéanamh. Bhí aitheantas, mar a dúirt an Teachta McGuinness, tugtha don leibhéal B2 sa chéad dréacht a cuireadh os ár gcomhair, is é sin, an doiciméad a cuireadh os comhair an Chomh-aireachta chomh fada siar le mí Feabhra 2023. Cuireadh na ceannteidil sin os comhair an Rialtais ag an am breis is dhá bhliain ó shín. Sa dréacht sin, bhí aitheantas tugtha go mbeidh sé "de cheangal ar iarrthóirí lena dtoghadh de réir alt 1 (a), sula n-áireofar iad ar an bpáipéar ballóide, a dheimhniú don Aire go bhfuil íoschaighdeán B2 sa Ghaeilge labhartha bainte amach acu ar an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha". Is é sin an t-aitheantas. Níl an chinnteacht sin i gceist sa Bhille mar atá sé faoi láthair. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:38+00:00 Sitting date: 2025-03-26