Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste Dail Éireann — 2025-03-26 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Mar chuid den Bhille nua, beidh cumhacht ag an Aire an leibhéal inniúlachta sa Ghaeilge is gá a bheith ag comhalta a fhorordú faoin Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach. Beidh sé de chumhacht ag an Aire leibhéal B2 faoin Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach nó níos airde - agus i gcomhthéacs na dtuairimí atá ag an Teachta Ó Snodaigh faoin chathaoirleach, tá an chumhacht sin ann - a fhorordú más gá agus más cuí. Tugann an fhoclaíocht mar a sheasann sé roinnt spáis ar son na solúbthachta de maidir leis an leibhéal a bheidh ag teastáil. Is dóigh liom gur rud maith é an tsolúbthacht seo a sholáthar agus nach bhfuil gá díriú isteach ar leibhéal áirithe srianta sa reachtaíocht. Maidir le heisceacht a chur ar fáil do chainteoirí dúchasacha, ní bheidh sé cuí leibhéal amháin a chur isteach sa Bhille nó leibhéal eile a chur isteach do dhaoine áirithe. Bheadh sé an-deacair sainmhíniú a leagan síos dá leithéid chomh maith. Tugann an fhoclaíocht mar atá sé solúbthacht don Aire maidir leis an leibhéal a bheidh ag teastáil. Is dóigh liom gur rud maith é an tsolúbthacht agus nach bhfuil gá díriú isteach ar leibhéal áirithe srianta sa reachtaíocht. Cé nach féidir liom glacadh leis an leasú, tuigim go mór agus aontaím leis an Teachta McGuinness gur rud an-tábhachtach é go mbeidh ardchaighdeán Gaeilge ag baill an údaráis. Tá sé sin leagtha amach sa Bhille. Ní oibreodh an t-údarás go héifeachtach mura mbeadh an Ghaeilge agus ardchaighdeán Ghaeilge ann. Tuigim go mór, mar Aire, cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeidh leibhéal ann faoi chúrsaí Gaeilge. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:38+00:00 Sitting date: 2025-03-26