Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste Dail Éireann — 2025-03-26 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Tá díomá orm a chloisteáil nach bhfuil an tAire chun glacadh leis na leasuithe seo. Is dócha go bhfuil sé seo chomh tábhachtach gur cheart é a bheith istigh sa bhunreachtaíocht in áit é a bheith ag teacht ón Aire i ndiaidh don reachtaíocht a bheith curtha i bhfeidhm. Ní hamháin go mbeidh sé tábhachtach go mbeadh comhaltaí boird in ann feidhmiú ag leibhéal an bhoird sna cruinnithe as Gaeilge agus tuarascála agus a leithéid a léamh, díospóireachtaí a bheith acu agus cinntí a dhéanamh, ach caithfidh siad a bheith in ann déileáil leis an bpobal agus leis na daoine ina gceantair féin trí mheán na Gaeilge. Caithfidh sé sin, i mo thuairimse, a bheith istigh sa bhunreachtaíocht ionas go bhfuil an tuiscint sin ón tús mar bhunús agus mar bhunchloch ón mbun aníos. Beidh orthu éisteacht agus a bheith in ann déileáil, labhairt agus ionadaíocht a dhéanamh ar chosmhuintir na Gaeltachta ionas gur féidir leo a bheith ar an eolas mar gheall ar na rudaí atá ag titim amach ionas gur féidir leo a bpoist a dhéanamh, ní hamháin sna cruinnithe agus ag déileáil le hoifigigh an údaráis, ach ag déileáil leis an bpobal freisin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:38+00:00 Sitting date: 2025-03-26