Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste Dail Éireann — 2025-03-26 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Níl aon easaontas eadrainn faoin gcaighdeán. Má tá aon duine ag éisteacht leis an díospóireacht seo a bhfuil suim acu a bheith mar iarrthóir don chéad bhord eile san údarás, is cóir dóibh é sin a chloisteáil. Níl aon easaontas ansin. Tá easaontas faoi cathain a fhoilseoimid an caighdeán. Breathnóidh mé air agus b’fhéidir go mbeimid in ann rud éigin a chur isteach faoi na rialacháin chun deadline cúpla mí a chur air sin. Deirim le gach duine atá ag éisteacht áfach, aon duine sa tír seo a bhfuil suim acu a bheith mar iarrthóir sa toghchán do bhord an údaráis, níl aon easaontas faoin B2. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:38+00:00 Sitting date: 2025-03-26