Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste Dail Éireann — 2025-03-26 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central An rud atá i gceist go simplí ná nach bhfuilimid ach ag iarraidh cinnte a dhéanamh de go gcaitear leis na toghcháin seo cosúil leis na toghcháin eile. Nuair a bhí díospóireacht ann chun fáil réidh leis an dé-sainordú i dTithe an Oireachtais, is cuimhin liom go raibh chuile dhuine ag gearán agus ag rá go dtitfeadh an tóin as an bpolaitíocht. Dúirt siad nár chóir go mbeadh cosc ar chomhairleoirí contae nó cathrach bheith ina dTeachtaí Dála ag an am céanna nó mar an gcéanna leis sin, ina gcomhaltaí de Phairlimint na hEorpa. B'fhéidir gur thit an tóin as an bpolaitíocht i mbealach amháin nó bealach eile, ach ní raibh sé bainteach leis an deireadh a cuireadh leis an dé-sainordú. Níl go leor airgid á thabhairt do na comhairleoirí. Níl an tuarastal maith go leor. Ba chóir go mbeadh i bhfad níos mó aitheantas airgeadais tugtha do chomhairleoirí ó gach uile pháirtí atá ag déanamh éacht timpeall na tíre seo. Níl mo pháirtí féin ag déanamh iarrachta aitheantas a thabhairt do na dualgais bhreise atá orthu. Má smaoinímid ar na dualgais bhreise atá ar chomhairleoirí anois, tá siad i bhfad Éireann níos deacra ná mar a bhí blianta ó shin. Tá ualach níos mó ó thaobh freagrachta agus airgeadais de, agus ó thaobh gach uile chur chuige. Tá siad gafa le cruinnithe, srl. Roimh don dé-sainordú imeacht, ní raibh gá dóibh bheith ag gach uile chruinniú. Tharla athrú a chiallaíonn go bhfuil gá dóibh bheith ag cruinnithe den SPC. Caithfidh siad freastal, má tá an ceart agam, ar 80% de na cruinnithe chun an liúntas - níl ann ach liúntas - a fháil. Níl aon aitheantas sa liúntas sin ar cé mhéad ama atá ag teastáil. Tá aithne agam ar dhaoine a bhí orthu éirí as bheith ina gcomhairleoirí toisc go raibh an oiread sin ama á chaitheamh acu ar an ról agus nach raibh an liúntas mór go leor leis an morgáiste a íoc. Tá sé sin fíor go fóill. Sa chás seo, nuair a chuir muid ceist faoin liúntas a bheadh i gceist do dhuine tofa mar bhall d’Údarás na Gaeltachta, bhí sé suarach i gcomparáid leis an méid ualaigh a bheadh orthu agus ar chóir go mbeadh orthu. Nuair atá daoine tofa nó ainmnithe le bheith ar bhord Stáit, ba chóir go mbeadh ualach agus freagracht orthu. Ba chóir go mbeadh orthu freastal ar chruinnithe agus bheith ar an eolas faoi gach rud atá ag tarlúint. Ba chóir go mbeadh orthu freastal ar cheantair dhifriúla agus bualadh leis na ceantair atá siad tofa dóibh. Sin an freagracht agus an íosmhéid ar chóir dúinn a bheith ag lorg, sa chaoi chéanna a bhíonn íosmhéid á lorg uainne. Mar pháirtí, nuair atáimid ag lorg iarrthóirí, ceann de na rudaí a bhímid ag lorg ná go mbíonn siad ar fáil don phobal, freagrach agus ag obair. Glacaim leis go ndéanann Fianna Fáil an rud céanna, agus méid áirithe á lorg aige. Is minic a bhíonn muid ag lorg níos mó ó dhaoine nach bhfuil ar thaobh na cothroime de, agus nach féidir leo a dhéanamh ó thaobh an tuarastail de. Caithfidh siad morgáiste a íoc agus íoc as carr. Sa chás seo, beidh an rud ceannann céanna i gceist. Ní féidir 40 uair a chloig a thógáil as 20 uair an chloig. Ní ann dó. Má tá tú ag caitheamh ama ag obair don údarás agus deireann daoine nach gá duit é sin a dhéanamh, mura bhfuil tú an déanamh na hoibre agus tú tofa d’Údarás na Gaeltachta, ní bheidh tú tofa arís. Sin an buntáiste. Ní bheidh tú ag suí ar na pinginí móra a cheapann daoine a thugtar do chomhairleoir nó do dhuine a bheidh tofa don údarás. Beidh tuarastal nó liúntas éigin acu. B'fhéidir go mbeidh roinnt daoine in ann obair pháirtaimseartha a dhéanamh ach má tá siad ag déanamh na hoibre i gceart, ní bheidh siad in ann bheith ag obair go lánaimseartha i bpost idir 9 a chlog is 5 a chlog gach uile sheachtain. Má tá siad dáiríre faoin obair ar gá a dhéanamh agus faoi freastal ar na cruinnithe agus an t-ullmhúchán a dhéanamh i gceart, ní féidir jab lánaimseartha a dhéanamh freisin. Sin an fáth gur chóir go mbeadh liúntas cuí ar fáil ní hamháin dóibh sin a bheidh san iomaíocht don údarás, ach do na comhairleoirí i gcoitinne timpeall na tíre freisin. Níl aitheantas cuí a thabhairt ag an Stát dóibh sin ná don obair a dhéanann siad thar ceann na saoránach sa Stát. Sa chás seo, tá mé ag rá nach féidir an dá thrá a fhreastal agus gur chóir dúinn bac a chur sa reachtaíocht chun cosc a chur ar dhaoine a bheith mar comhairleoirí contae agus comhaltaí den údarás ag an am céanna. Seo ceann de na fáthanna a bhí muid ag iarraidh go mbeadh an toghchán seo ag an am céanna leis na toghcháin áitiúla. Sa chás sin, bheadh ar dhaoine cinneadh a dhéanamh roimh ré cén cineál toghchán ina raibh siad chun seasamh. Anois beidh siad as sync. Ní bheidh na toghcháin áitiúla ar siúl ag an am céanna le toghchán an údaráis. Mar sin, mura nglactar leis an leasú seo beidh daoine atá mar chomhairleoirí contae cheana féin ag rá leo féin gur bealach é seo le cúpla pingin breise a fháil agus go rachaidh siad san iomaíocht. Tá aithne orm cheana féin ar dhaoine, agus meas éigin orthu, a cheapann go dtoghfar iad agus nach mbeidh orthu mórán a dhéanamh. Táimid ag iarraidh go mbeidh na daoine a bheidh ar bhord Údarás na Gaeltachta gafa leis. B'fhéidir go mbeidh iomarca oibre anuas orthu, le go mbeidh tairbhe á baint ag na ceantair Ghaeltachta astu siúd atá ainmnithe nó tofa. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:38+00:00 Sitting date: 2025-03-26