Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste Dail Éireann — 2025-03-26 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Mar fhreagra ar an leasú sin, mar gheall go bhfuil na baill sin páirteach agus tofa go dtí an údarás nó an chomhairle áitiúil, beidh taithí acu maidir leis na cúrsaí áitiúla le haghaidh Údarás na Gaeltachta. Tuigim go mór gur rud maith é go mbeidh deis acu agus níl barántas ann go dtoghfar iad mar gheall gur comhairleoirí iad. B'fhéidir gur míbhuntáiste é agus ag éisteacht leis an Teachta Gallagher, ní dhéantar daoine cosúil leis a thuilleadh - bhí sé ina Aire, ina chomhairleoir contae agus ina Theachta ag an am céanna - mar go bhfuil an lá sin imithe. Tuigim go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh deis ag comhairleoirí contae a bheith páirteach freisin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:38+00:00 Sitting date: 2025-03-26