Oideachas Gaeltachta Dail Éireann — 2025-03-27 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas leis an Aire as an bhfreagra sin, ach níl aon rud nua ann. Tá a fhios againn go bhfuil ag teip go huile is go hiomlán ar an Údarás um Ard-Oideachas líon na gcúrsaí Gaeilge a ardú sna hinstitiúidí seo. Tá an ceart ag an Aire. Tá na hinstitiúidí neamhspleách ach tá siad spleách ag an am céanna. Tá siad ag brath ar an Stát do mhaoiniú. Is féidir leis an Stát, tríd an Údarás um Ard-Oideachas nó trí mhaoiniú, níos mó brú a chur orthu cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil do na mic léinn. Is é an figiúr atá ann go dtí seo ná go bhfuil 50,000 páistí ag dul trína mbunoideachas iomlán i nGaeilge. Titeann an figiúr go dtí 17,000 ag leibhéal na meánscolaíochta agus 3,000 ag an tríú leibhéal, is é sin, na hollscoileanna agus na hinstitiúidí eile. Is titim ollmhór é sin agus caithfimid rud éigin a dhéanamh faoi. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-27/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:39+00:00 Sitting date: 2025-03-27