Oideachas Gaeltachta Dail Éireann — 2025-03-27 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tá sé go maith go n-aithníonn an tAire go bhfuil géarghá ann, agus ní hamháin maidir leis an méid a dúirt mé faoi dhaltaí ag teacht amach. Tá dualgas anois ar an Stát a chinntiú go bhfuil 20% dóibh siúd a n-earcófar chuig an Státseirbhís inniúil ar an nGaeilge. Beidh innealtóirí, banaltraí, dochtúirí lia agus é sin ar fad i gceist. Muna bhfuil na cúrsaí ar fáil, ní bheidh na dochtúirí agus Státseirbhísigh leis an nGaeilge cheart ann amach anseo. Caithfidh an Stát seirbhísí a sholáthar i nGaeilge i gceantair Ghaeltachta. Beidh níos mó de dhíth amach anseo. Chomh maith leis sin, caithfidh níos mó fógraíochta a bheith as Gaeilge. Ní leor an líon beag cúrsaí atá ann faoi láthair. Caithfidh i bhfad Éireann níos mó a bheith ann. Ní múinteoirí amháin atá i gceist. Tá gach uile chúrsa eile ag teastáil. Caithfidh an tAire, an tÚdarás um Ard-Oideachas agus na hinstitiúidí tríú leibhéal díriú isteach air sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-03-27/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:39+00:00 Sitting date: 2025-03-27