Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil) Dail Éireann — 2025-04-09 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach. Labhair mé an uair dheireanach faoin alt seo. Go sciobtha arís, is dócha go bhfuil díomá orm nach bhfuil an tAire ag glacadh leis na moltaí a tháinig ón tuarascáil ón gcoiste. Ba é an rud ba thábhachtaí ná go mbeadh ionadaíocht i gceist ó gach Gaeltacht, rud atá thar a bheith réasúnta. Mar a dúirt mé cheana, tá 174 Teachta Dála anseo agus tá muid in ann feidhmiú. Cad é atá mícheart le hionadaithe ó gach Gaeltacht? Beidh muid ag teacht níos déanaí go cúrsaí tithíochta agus cé chomh práinneach is atá an fhadhb tithíochta sna Gaeltachtaí. Tá gá le guthanna eile, chomh maith le guthanna Teachtaí Dála, chun é sin a chur trasna do cibé rialtas atá ann. Ní thuigim an fhadhb ó thaobh tuilleadh ionadaíochta. Is tuilleadh daonlathais atá i gceist, rud atá ag teastáil go géar uainn sa lá atá inniu ann. Níl aon ionadaíocht ann do na hoileáin agus na Gaeltachtaí beaga. Is é sin an teachtaireacht ba láidre a tháinig trasna dúinn nuair a thaisteal muid ar fud na tíre. Ní leanfaidh mé ar aghaidh. Tá an teachtaireacht láidir. An bhféadfaí breathnú air seo? Cad í an fhadhb le tuilleadh ionadaíochta a bheith ag an údarás nua? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-04-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:42+00:00 Sitting date: 2025-04-09