Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil) Dail Éireann — 2025-04-09 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Déarfaidh mé cúpla focal ar an alt seo. Fáiltím roimh an tslí a chinntíonn sé go mbeidh muintir na Gaeltachta ábalta a n-ionadaithe féin ó thoghadh. Is mór an dul chun cinn é sin agus caithfimid a bheith cinnte fáiltiú roimhe sin. Bhí córas lochtach ann, áit a raibh ar mhuintir Chorcaí, muintir Phort Láirge agus muintir na Mí ionadaí a roinnt eatarthu. D'fhág sé sin tréimhsí nach raibh aon duine ó, cuir i gcás, contae Chorcaí nó na ceantair eile ar an mbord in aon chor. Fáiltím an tslí a chinntíonn sé seo anois go mbeidh duine ó Chorcaigh, ó Phort Láirge agus ón Mí tofa ag an bpobal féin. Níl an oiread céanna daoine againn is atá ag contaetha eile ach anois beidh cinnteacht ann go mbeidh daoine ó na pobail sin ó chontae Chorcaí, Port Láirge agus an Mhí ann. Fáiltím roimhe sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-04-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:42+00:00 Sitting date: 2025-04-09