Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil) Dail Éireann — 2025-04-09 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Ba mhaith liom aontú leis na cainteoirí ó Shinn Féin maidir leis an rud seo. Is íorónta an rud é go bhfuilimid chun daoine le Gaeilge líofa, nach bhfuil in ann tithe a fháil sa Ghaeltacht agus atá ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht, a choinneáil amach óna bheith in ann dul ar Údarás na Gaeltachta. Is íorónta an scéal é amach is amach mar beidh muid ag caint faoi ghéarchéim tithíochta níos déanaí. Is é an brú atá ag teacht orainn ó BÁNÚ agus na heagraíochtaí eile ar an talamh atá i dteagmháil leanúnach linn ná go bhfuil siad ag rá nach bhfuil rochtain acu ar thithe sna Gaeltachtaí uilig. In ainneoin a bheith ag déileáil leis an bhfadhb sin, táimid ag cur leis an bhfadhb is ag rá nach féidir leat páirt a ghlacadh sna toghcháin mar nach bhfuil tú sa cheantar. Is é sin an rud atá leagtha amach anseo: "resides in the area concerned" nó "a bhfuil cónaí air nó uirthi sa limistéar lena mbaineann". B'fhéidir go mbeidh an tAire in ann é seo phlé i gcomhthéacs na géarchéime atá ann agus gan an dara rogha ag a lán daoine ach a bheith ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-04-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:42+00:00 Sitting date: 2025-04-09