Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil) Dail Éireann — 2025-04-09 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Tá a lán ama caite againn ag iarraidh go mbeidh bord níos mó ann agus go mbeidh níos mó daoine á dtoghadh. Tuigim go bhfuil brú ar dhaoine nach bhfuil mórán deiseanna acu tithe a cheannach sa Ghaeltacht. Beidh sé sin á phlé againn. Má osclaímid an bord agus toghadh don bhord go dtí daoine lasmuigh den Ghaeltacht, ní bheidh sé ina údarás Gaeltachta. Is é an dainséar anseo, b'fhéidir, nach mbeidh suim ag daoine a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh den Ghaeltacht dul os comhair an phobail chun a bheith tofa. Tá mé ag iarraidh go mbeidh a lán daoine in ann dul sa toghchán ach tá sé tábhachtach go mbeidh cáilíocht ann chun go mbeidh suim ag daoine sa Ghaeltacht agus gur Gaeilgeoirí a bheidh iontu. Tá sé sin leagtha amach. Níl a fhios agam an bhfuil na Teachtaí ag rá gur chóir go mbeadh an toghchán oscailte do gach duine. B'fhéidir go mbeidh siad ag iarraidh leasú a chur ar aghaidh ar an gcéad Chéim eile agus beimid in ann é sin a phlé ag an am sin. Caithfidh mé a rá nach dtuigim cad go díreach atá ag teastáil ó na Teachtaí. An bhfuil siad ag iarraidh go mbeidh na toghcháin oscailte do gach duine sa tír, nó cén saghas ceangail a gcaithfí a bheith ag daoine leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge? B'fhéidir go mbeimid in ann é sin a phlé idir inniu agus an chéad Chéim eile. Is í seo an fhadhb atá agamsa más rud é go bhfuilimid oscailte do gach duine, ina measc daoine nach bhfuil aon cheangal nó suim acu sa Ghaeilge: má fheiceann siad toghchán, b'fhéidir go mbeidh siad ag iarraidh iad féin a chur ar aghaidh ar platform amháin nó platform eile, agus iad b'fhéidir ag baint úsáid as na meáin shóisialta. B'fhéidir go mbeimid in ann é sin a phlé. Tá súil agam go mbeidh na coistí bunaithe agus táim an-sásta dul os comhair an choiste nua chun ceisteanna cosúil leis sin a phlé. Ní thuigim go díreach cárbh as a bhfuil na Teachtaí ag teacht sa phíosa seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-04-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:42+00:00 Sitting date: 2025-04-09