Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil) Dail Éireann — 2025-04-09 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Fáiltím an méid a dúirt an tAire sa mhéid go bhfuil sé sásta é seo a phlé agus an comhrá seo a bheith againn mar is rud casta é conas is féidir é sin a chur síos i reachtaíocht ionas go bhfuil sé féaráilte agus cothrom. Deirimse i gcónaí go bhfuil na toghthóirí géarchúiseach nó i mBéarla "the electorate is very discerning". Beidh a fhios ag pobal na Gaeltachta agus iad ag caitheamh a gcuid vótaí más interloper atá i gceist nó más duine atá ag cur amú ama agus níl suim acu ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Gaeltachta. Ach mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, caithfimid foirmle éigin a bheith againn chun a chinntiú gur féidir le daoine a bhfuil suim, dúil nó nasc acu leis an nGaeltacht iad féin a chur chun tosaigh mar iarrthóirí. Ansin beidh an cinneadh agus an rogha ag na vótálaithe ach ní bheidh cosc ar aon duine a tógadh le Gaelainn sa Ghaeltacht, ach nach féidir cónaí sa limistéar Gaeltachta, seasamh. Mar a dúirt an Teachta Connolly, is íoróin atá ann go mbeadh siad ag iarraidh na ceisteanna sin a ardú agus guth a thabhairt don aos óg atá thíos leis an ngéarchéim thithíochta, ach nach mbeadh sé de chead acu é a dhéanamh. Is é sin an rud. Cuirim fáilte roimh an deis an plé sin a bheith againn nuair atá na coistí curtha le chéile. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-04-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:42+00:00 Sitting date: 2025-04-09