Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil) Dail Éireann — 2025-04-09 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Tairgim leasú Uimh. 8: Ar leathanach 13, idir líne 1 agus líne 2, an méid seo a leanas a chur isteach: "(1) Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3A), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh "eacnamaíoch na Gaeltachta": ", lena n-áirítear saoráidí sóisialta, cultúir agus gnó agus, chuige sin, beidh an chumhacht ag an Údarás chun leas i maoin agus i réadas a cheannach nó a fháil ar cibé téarmaí, agus faoi réir cibé coinníollacha, is cuí leis". I dtús báire, ba mhaith liom gearán a dhéanamh nó mo mhíshástacht a léiriú i dtaobh ár leasú, leasú Uimh. 12. Tá sé rialaithe as ord, rud nach féidir liom aontú leis i ndáiríre. Le linn Chéim an Choiste ar an Acht um Pleanáil agus Forbairt an bhliain seo caite, bhí leasú ag Sinn Féin chun feidhm a thabhairt mar chomhlacht ceadaithe tithíochta, nó approved housing body, d'Údarás na Gaeltachta. Cé nach nglacfadh an Rialtas leis an leasú sin, rialadh in ord an leasú agus bhí deis againn é a chur chun tosaigh. Anois, tá leasú curtha chun tosaigh againn ag iarraidh go mbeadh feidhm ag an údarás comhlacht ceadaithe tithíochta a bhunú agus tá sé rialaithe as ord. Ní féidir glacadh leis sin i ndáiríre. Ní dhéanann sé ciall domsa. Seans nach bhfuil mórán gur féidir liom a dhéanamh ach é a ardú anseo agus mo mhíshástacht agus míshástacht Shinn Féin a chur ar an taifead. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-04-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:42+00:00 Sitting date: 2025-04-09