Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil) Dail Éireann — 2025-04-09 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Baineann na leasuithe seo leis an tslí go mbíonn an t-údarás ábalta talamh a dhíol agus a cheannach ar leas an phobail Ghaeltachta, ní hamháin ó thaobh na tionsclaíochta de, ach i slite éagsúla a bheadh ann ar leas an phobail. D'fhéadfadh cúrsaí cultúrtha, oideachais, tithíochta nó pé rud ar leas an phobail a bheith i gceist. Is amhlaidh go mbeidís ag neartú agus ag cothú phobal na Gaeltachta i slite éagsúla, ach is í sin an bhunaidhm - pobal na Gaeltachta a neartú agus a chothú. Tuigim go raibh a leithéid ann cheana féin ag an údarás i gcónaí, go mbeadh sé ábalta talamh a chur ar fáil mar sin, as gurbh amhlaidh gur éirigh éiginnteacht de bharr na gcinntí sna cúirteanna. Tá sé i gceist an chinnteacht sin a chur ar ais san údarás agus a chinntiú go mbeidh sé ábalta talamh a dhíol agus a cheannach ar son chúrsaí éagsúla a bheadh go huile agus go hiomlán ar leas an phobail agus nach mbeadh sé srianta go cúrsaí tionsclaíochta amháin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-04-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:42+00:00 Sitting date: 2025-04-09