Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil) Dail Éireann — 2025-04-09 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Cuirim fáilte roimh an méid a dúirt an tAire agus roimh an tairiscint chun bualadh go neamhfhoirmiúil chun é seo a phlé níos doimhne. Is maith an rud é go bhfuil an tAire sásta cluas éisteachta a thabhairt dúinn. Is léir go bhfuil suim ag na daoine sa Seomra seo san ábhar seo. Tá moltaí suntasacha againn. Is maith an rud é go mbeidh deis againn iad a phlé. Mar sin, táim sásta na leasuithe a tharraingt siar go foirmiúil. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-04-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:42+00:00 Sitting date: 2025-04-09