An Ghaeltacht Dail Éireann — 2025-05-08 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Tuigim go soiléir cé chomh tábhachtach is atá an cheist seo. Nuair a bhí me i Roinn na Gaeltachta, bhí an-suim agam san ábhar seo. Tuigim cé chomh tábhachtach is atá sé ní hamháin do na ceantair Ghaeltachta ach freisin do dhaoine lasmuigh den Ghaeltacht a bhfuil suim acu sna hábhair a bhaineann leis na Gaeltachtaí timpeall na tíre. Maidir leis an Roinn, beidh cruinniú ag an Aire, an Teachta Calleary, agus ag an Roinn le hÚdarás na Gaeltachta an tseachtain seo chugainn. Beidh mé in ann, b’fhéidir, iarraidh air teacht ar ais do na hurlabhraithe Gaeltachta agus Gaeilge sa Teach seo nuair a bheidh an cruinniú sin críochnaithe. Cé nach bhfuil an tAire ann faoi láthair, déanfaidh sé a dhícheall an cheist seo a fhreagairt an tseachtain seo chugainn. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-05-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:46+00:00 Sitting date: 2025-05-08