An Ghaeltacht Dail Éireann — 2025-05-08 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Gabhaim buíochas leis an Aire. Is maith an rud é go mbeidh cruinniú idir an t-údarás agus an tAire mar beidh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 os ár gcomhair arís an tseachtain seo. Bhí cruinniú le bheith ann idir BÁNÚ agus an tAire freisin. Tá súil agam go mbeidh an cruinniú sin ann sula dtagann an Bille os ár gcomhair arís. Arís, níl aon chúis tugtha ag an Aire nó ag an Roinn cén fáth nach bhfuil siad ag baint úsáid as an mír seo. Tá sí ann agus tá cumhacht ag an Roinn agus ag an Aire deontais a chur ar fáil chun daoine a chumasú chun athchóiriú a dhéanamh ar a gcuid tithe. Ní thuigim é. Tá muid ag caint faoi Údarás na Gaeltachta, údaráis áitiúla agus an Roinn. A fhad is atá muid ag caint, agus gach duine ag obair i mbealach nach bhfuil tagtha le chéile, beidh géarchéim tithíochta againn. Ní féidir glacadh leis. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-05-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:46+00:00 Sitting date: 2025-05-08