An Ghaeltacht Dail Éireann — 2025-05-08 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Aontaím leis an Teachta. Tuigim cé chomh tábhachtach is atá an t-ábhar seo. Tuigim cé chomh fada is atá muid sa Teach seo ag caint ar an ábhar seo. Maidir leis na ceantair Ghaeltachta, is é sin an polasaí is tábhachtaí do na daoine a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht. B’fhéidir go mbeidh an tAire, an Teachta Calleary, in ann teacht ar ais chuig na hurlabhraithe Gaeltachta agus Gaeilge nuair a bheidh sé ar ais an tseachtain seo chugainn, sula dtagann an Bille os comhair na Dála, chun déileáil leis an ábhar sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-05-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:46+00:00 Sitting date: 2025-05-08