Soláthar Tithíochta Dail Éireann — 2025-05-08 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Mar a dúirt mé leis an Teachta Connolly níos luaithe ar maidin, bhí an tAire, an Teachta Calleary, dóchasach go mbeadh sé anseo chun na ceisteanna sin a fhreagairt ach tá cúrsaí pearsanta aige faoi láthair agus níl sé in ann teacht go dtí an Teach ar maidin. Tá cruinniú aige an tseachtain seo chugainn le hÚdarás na Gaeltachta chun an ábhar a phlé. Tá an-suim aige i gcúrsaí tithíochta. Tá limistéar Gaeltachta ina Dháilcheantar i gContae Mhaigh Eo freisin. Tá an-suim aige san ábhar sin. Tuigim cé chomh tábhachtach is atá sé. Chaith mé tréimhse i m’Aire Stáit agus an Ghaeltacht faoi mo chúram. Tuigim cé chomh tábhachtach is atá na cúrsaí seo. Ar aon nós, beidh an tAire, an Teachta Calleary, ar ais arís an tseachtain seo chugainn. Beidh cruinniú aige leis an údarás agus beidh mé in ann labhairt leis ar an ábhar seo le go mbeidh sé in ann teacht ar ais chuig an Teachta chun an t-ábhar seo a phlé léi. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-05-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:46+00:00 Sitting date: 2025-05-08