Soláthar Tithíochta Dail Éireann — 2025-05-08 ============================================================ Mairéad Farrell (SF), Galway West Tuigim cás an Aire. Tá súil agam go bhfuil chuile shórt all right leis. Tá cúpla rud is féidir leis an Rialtas seo déanamh - rudaí gur chóir go ndéanfadh an Rialtas deireanach i ndáiríre – lena n-áirítear na dréacht-treoirlínte pleanála Gaeltachta a fhoilsiú láithreach ionas gur féidir comhairliúcháin poiblí a bheith againn agus na treoirlínte iad féin a bheith againn ina dhiaidh sin. Chomh maith leis sin, bhí sé ráite againn i Sinn Féin agus ag mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, gur chóir go mbeadh ciste airgid i gcomhair maoinithe do thithíocht sa Ghaeltacht mar tá géarchéim ar leith ann. Chonaic muid an méid a bhí ráite ag Uisce Éireann an tseachtain seo nach bhfuil an t-airgead aige agus go bhfuil poll airgid aige i ndáiríre. Má tá muid dáiríre go mbeidh suíomhanna agus na seirbhísí sa Ghaeltacht, i gceantair cosúil le deisceart Chonamara, mar ní féidir tógáil muna bhfuil na seirbhísí ann, muna bhfuil an t-airgead ag Uisce Éireann lena dhéanamh, tá muid i bponc agus ní bheidh muid in ann brú ar aghaidh. Is iad sin trí rud a d’iarramar. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-05-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:46+00:00 Sitting date: 2025-05-08