Soláthar Tithíochta Dail Éireann — 2025-05-08 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Tuigim an fhadhb. Tá a fhios ag an Teachta, nuair a bhí mé i m’Aire Stáit le cúraimí na Gaeltachta agus na Gaeilge fúm, rinne mé mo dhícheall an t-ábhar sin a phlé agus a réiteach. Níl aon amhras agam ach gur ceist dheacair í. Tá an-chuid oibre déanta ag an Roinn Gaeltachta agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun an ábhar sin a réiteach. Mar a dúirt mé níos luaithe agus mé ag labhairt leis an Teachta Connolly, tá sé seo ar ceann de na pointí is tábhachtaí don Aire. Tá sé ag iarraidh é seo a phlé amach agus a réiteach le hÚdarás na Gaeltachta agus leis an Roinn nua an tseachtain seo chugainn. B’fhéidir go mbeidh sé in ann teacht ar ais chuig na Teachtaí Farrell agus Connolly, agus chuig na Teachtaí eile a bhfuil suim acu sa Ghaeltacht agus sa Ghaeilge, chun an ábhar sin a phlé. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-05-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:46+00:00 Sitting date: 2025-05-08