Soláthar Tithíochta Dail Éireann — 2025-05-08 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Go gairid ar an gceist seo, ní díreach na treoirlínte pleanála a bhí geallta dúinn agus do Thithe an Oireachtais ó 2021 ar aghaidh. Tá ceist mhór ann maidir le tithe samhraidh agus Airbnb. I gcomhthéacs na rialacha nua atá ann do Airbnb, ní rialacha nua iad mar ní bhaineann siad leo. Tá sé sin ar cheann de na bunfhadhbanna. Fiú na tithe atá sa Ghaeltacht, níl siad ar fáil do phobal na Gaeltachta. Caithfear déileáil leis sin. Ní gá go ndéanfaidh na treoirlínte pleanála Gaeltachta déileáil leis sin in aon chor. Tá ceist eile ann maidir le ciste infreastruchtúir ar leith do cheantair Ghaeltachta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-05-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:46+00:00 Sitting date: 2025-05-08