Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil) Dail Éireann — 2025-05-14 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tairgim leasú Uimh. 21: Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach: “ Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht 7 . Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9): “(10) (a) Déanfaidh an tÚdarás iniúchadh ar fhadhbanna bonneagair sa Ghaeltacht, le haird ar na córais iompair, uisce, séarachais, fuinnimh, leictreachais, agus cumarsáide, agus an tionchar atá acu ar inmharthanacht sna pobail Gaeltachta, ar sholáthar tithíochta agus ar fhorbairt tionscail, agus déanfaidh sé tuarascáil a fhoilsiú nach déanaí ná sé mhí tar éis an tAcht seo a achtú ina liostófar moltaí ina leith agus ina léireofar an maoiniú a bheadh ag teastáil ó Chiste ar leith faoi chúram an Údaráis chun tabhairt faoi na fadhbanna seo a réiteach agus inmharthanacht na Gaeltachta a chinntiú. (b) Déanfaidh an tAire ráiteas a fhoilsiú nach déanaí ná sé mhí tar éis fhoilsiú na tuarascála de réir mhír (a) ag sonrú gach gnímh atá glactha nó atá le glacadh ag an Aire agus ag eagrais stáit chun na moltaí a chur i bhfeidhm.”.” --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-05-14/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:48+00:00 Sitting date: 2025-05-14