Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil) Dail Éireann — 2025-05-14 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Cé a phiocfadh na daoine sin? Nílim ag magadh. Táim ag iarraidh é sin a thuiscint. Tá meas mór agam ar na hoifigigh phleanála teanga. Tá siad ag déanamh an-jab agus tá an ceart ag an Teachta Connolly ó thaobh na gcoinníollacha de. Caithfimid obair a dhéanamh ar an méid sin. Beidh mé ag cur béime ar sin le linn mo chuid ama mar Aire. Táim ag iarraidh é a thuiscint. Má tá 30 oifigeach ann, cé a phiocfadh na baill? An bpiocfadh an grúpa féin iad? B'fhéidir go n-oibreoimis air roimh an gcéad Chéim eile chun oibriú amach cad a oibríonn. Tá suim agam go mbeidís páirteach sna coistí réigiúnacha, de bharr - mar a dúirt an Teachta - na hoibre a bhfuil á déanamh acu. Cén chaoi a n-oibreodh sé? B'fhéidir, roimh an gcéad Chéim eile, go n-oibreoimis go léir é sin amach. Táim ag rá go bhfuil suim agam go mbeidís páirteach sna coistí réigiúnacha. It is just a matter of how it works. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-05-14/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:48+00:00 Sitting date: 2025-05-14