Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil) Dail Éireann — 2025-05-14 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Tairgim leasú Uimh. 48: Ar leathanach 25, líne 11 go líne 13 a scriosadh agus “Oidhreachta, lena n-áirítear an ceann comhairimh céanna a cheapadh agus acmhainní a chomhroinnt;” a chur ina n-ionad. Leis an leasú seo, bainfear amach “agus caiteachais ghaolmhara a chomhroinnt idir an tAire agus an t-údarás áitiúil" ionas go mbeidh sé soiléir, i gcás go mbeidh toghcháin chuig an údarás ar siúl ar an lá céanna le toghchán eile, go mbeidh deis faoi na rialacháin an ceann comhairimh chéanna a cheapadh agus acmhainní a chomhroinnt ach go mbeidh na costais a bhaineann le toghcháin don údarás le híoc ag an Aire mar atá leagtha síos san alt nua 26B(5) atá molta. Molaim an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-05-14/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:48+00:00 Sitting date: 2025-05-14