Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil) Dail Éireann — 2025-05-14 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Cé nach mbeidh mé ag glacadh leis an leasú ag an bpointe seo, tá an Teachta McGuinness tar éis freagra a thabhairt dom. B’fhéidir go dtiocfaidh muid ar ais ar an chéad Céim eile maidir le srianta an bhoird trí chéile. Caithfidh mé a rá, b’fhéidir de bharr go bhfuil mé anseo chomh fada sin, agus tá an Teachta Ó Snodaigh anseo níos faide ná mé, nach bhfuil mé i bhfabhar term limits le haghaidh toghchán. Is faoi na daoine an cinneadh sin. B’fhéidir go bhfuil rud ann sa mhéid a dúirt an Teachta McGuinness. Tá sé tábhachtach go mbeidh muid in ann na scileanna a athrú agus an bord a athrú mar athraíonn scileanna. Má tá na Teachtaí sásta an leasú a tharraingt siar ag an bpointe seo, scrúdóidh muid na srianta seo don bhord ar fad roimh an chéad Céim eile. B’fhéidir go mbeidh muid in ann meascán a bheith againn. Tá mé ag ceapadh go bhfuil an freagra ag an Teachta McGuinness leis an méid a bhí á rá aige sa phíosa deireanach. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-05-14/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:48+00:00 Sitting date: 2025-05-14