Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil) Dail Éireann — 2025-05-14 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tairgim leasú Uimh. 50: Ar leathanach 27, idir líne 32 agus líne 33, an méid seo a leanas a chur isteach: “(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 3: “Critéir i gcomhair ceapacháin. 3A. Cinnteoidh an tAire, maidir le daoine a cheapfar chun an Údaráis, gur daoine iad, i dtuairim an Aire, a bhfuil ag gach duine díobh taithí agus tuiscint shásúil ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas: (1) pleanáil teanga; (2) cur chun cinn na Gaeilge; (3) fiontraíocht agus cruthú fostaíochta; (4) forbairt pobail; (5) cur chun cinn na n-ealaíon teanga-bhunaithe; agus (6) an earnáil teaghlaigh.”,”. Baineann sé seo leis na critéir cheapacháin, ionas go gcinnteoidh an tAire maidir le daoine a cheapfar chun an údaráis, gur daoine iad, ina tuairim nó ina thuairim, a bhfuil ag gach duine díobh taithí agus tuiscint shásúil ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas: pleanáil teanga; cur chun cinn na Gaeilge; fiontraíocht agus cruthú fostaíochta; forbairt pobail; cur chun cinn na n-ealaíon teanga-bhunaithe; agus an earnáil teaghlaigh. Is Conradh na Gaeilge a chuir an moladh seo chun cinn. Is é sin an fáth a bhfuil na hainmneacha ar fad ann, is iad sin, na Teachtaí Quaide, Connolly agus McGuinness, in éineacht liom. Thuig muid an gá leis an leasú sin. Sa chéad dul síos, beidh an seisear a ainmneoidh an tAire mar chuid de bhord tofa. Caithfidh muid a chinntiú, toisc go bhfuil an deis ag an Aire, go bhfeiceann sé nó sí orthu siúd atá le hainmniú ionas go mbeidh ar a laghad, an taithí seo acu. Mar a dúirt mé, is ceann acu seo atá i gceist agus tá liosta leagtha síos ionas go mbeadh saineolas breise, a luaigh an tAire, ag bord an údaráis. Tá pointe difriúla ann. Maidir le leasú Uimh. 51, mura bhfuil duine as na n-oileán tofa, agus ní fheicim go mbeadh toisc go bhfuil na hoileáin agus daonraí na n-oileán chomh beag sin is go mbeadh sé deacair dóibh bheith tofa, tá gá go díreoidh an tAire isteach air le cinntiú go bhfuil duine de phobail na n-oileán i measc iad siúd atá ceaptha ar an mbord, le go mbeidh an tuiscint agus an saineolas a thagann ó maireachtáil ar oileán amach ó chósta na hÉireann, ar fáil dó. Is oileáin Ghaeltachta formhór iad siúd ar a bhfuil daoine ina gcónaí. Tá taithí ag na daoine sin ar dheacrachtaí ar leith agus tá sé tábhachtach go mbeidh na fadhbanna sin le cloisteáil ag bord an údaráis. Is leasú é Uimh. 52 ar leasú a bhí déanta in 1999, ag cur cosc ar fheidhmeach nó duine i gcomhshocraíocht dócmhainneachta a bheith mar chomhalta ag an údarás. Faoin bhfoclaíocht nua, ní bheadh feidhm ag an gcosc má tá an feidhmeach neamhnithe nó comhshocruithe, scortha. Is dul chun cinn é an foráil seo a aithníonn nár chóir go leanfaí cosc ar aghaidh ar feadh saol duine atá tar éis fiacha a íoc. Thar na blianta bhí sé sin mar chosc sa Dáil. Dá mbeadh duine éigin “bankrupt”, ní fhéadfaidís bheith ina Teachta Dála. Is féidir anois; éiríodh réidh leis sin. Tá an cosc sin i seanreachtaíocht Údarás na Gaeltachta agus mar sin, tá sé seo ag déileáil le sean-fhoráil seachas leis na cinn nua. B’fhéidir go bhféadfaí breathnú air sin. Tá leasú Uimh. 53 as ord. Cuidíodh an leasú leis an reachtaíocht ach tá sé as ord. Tá súil agam go ndéanfaí cinnte de go mbeidh liúntas ceart ar fáil don duine atá tofa. Táimid ag leagadh síos critéir atá cuíosach docht, daingean agus tríd na leasuithe beimid ar fad ag cur ualach mór ar Údarás na Gaeltachta amach anseo agus ba chóir go mbeadh liúntas cuí i gceist. Ní ghlacaim leis go bhfuil an liúntas atá á íoc leis na comhairleoirí áitiúla maith go leor mar atá sé, ach os rud é go bhfuil ualach breise ag baint leis seo agus cé chomh leathan is atá na ceantair Ghaeltachta, ba chóir go mbeadh an liúntas a bheidh ag dul dóibh ar chomhchéim leis sin a thugtar do chomhairleoirí áitiúla agus tabharfaidh sé sin stádas ar leith don ról. Tá ceangail aige seo le leasú nach mbeadh “dual-mandate” i gceist ó thaobh comhairleoirí nó baill tofa an údaráis. Cuireadh an leasú as ord, ach is é sin an loighic taobh thiar de. B’fhéidir go dtiocfaimid ar ais le hiarracht eile a dhéanamh déileáil leis seo. An deacracht atá againn mar Fhreasúra ná nach féidir linn coinníollacha pá nó tuarastal a leagadh síos inár leasuithe mar gheall ar an riail maidir le hioncam. Caithfimid deileáil leis sin má táimid ag cuir an focal amach tríd an reachtaíocht nua seo go bhfuil an t-údarás tábhachtach is nach mbeidh na comhaltaí nua ar an údarás ar an ngannchuid as an obair a bheidh siad ag déanamh ar son na heagraíochta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-05-14/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:48+00:00 Sitting date: 2025-05-14