Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil) Dail Éireann — 2025-05-14 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Nílim cinnte má ghlacann nó nach nglacann an tAire le leasú Uimh. 50. Ach, arís, is rud thar a bheith praiticiúil atá anseo. Táimid ag iarraidh a chinntiú go mbeadh na critéir seo i gceist. Nílimid ag rá go mbeadh na critéir ó Uimh. 1 go Uimh. 6 ag gach duine, ach go mbeadh ceann amháin acu ar a laghad. Mar a dúirt na Teachtaí eile, tháinig na moltaí seo ó Chonradh na Gaeilge agus daoine ar an talamh atá a buartha faoin saghas ceapachán a d’fhéadfadh a bheith ann faoi Aire eile. D’fhéadfadh ceapacháin mar bhronntanas polaitiúil a bheith i gceist seachas go n-aithneofaí an ról mar ról thar a bheith tábhachtach. Tá gá le taithí - ní oideachas, ach taithí shaoil - agus scileanna faoi leith ag an té a cheapfar. Is rud praiticiúil é. Níl a fhios agam cén fhadhb atá ag an Aire leis. Maidir leis na hoileáin is rud praiticiúil é leasú Uimh. 51 a chinnteodh go mbeadh ionadaíocht ag na hoileáin bealach amháin nó bealach eile. Bhain an chéad rún a chur mé faoi bhráid an Tí seo in 2016 nó 2017 le polasaí a fhorbairt do na hoileáin. Thóg sé an-mhéid ama, ach tá an polasaí ann. Níl sé bunaithe ar reachtaíocht, faraor, cosúil le hAlbain, áit a bhfuil polasaí bunaithe ar an reachtaíocht acu. Tá líon na lonnaitheoirí ar na hoileáin ag méadú an t-am uilig, de réir mo thuisceana. Ar a laghad tá polasaí againn tar éis tréimhse fhada. Ba chóir dúinn aitheantas a thabhairt don pholasaí sin. Is céim bheag í seo a chinnteodh go mbeadh ionadaíocht ag duine ó na hoileáin ann. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-05-14/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:48+00:00 Sitting date: 2025-05-14