Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil) Dail Éireann — 2025-05-14 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Mar is eol do na Teachtaí, dhéanfadh leasú Uimh. 52 athrú ar an bhfoclaíocht mar a bhaineann sí leis na hiarrthóirí agus féimheacht in Acht Údarás na Gaeltachta, 1979. Tá an leasú foclaíochta seo ag teacht le polasaí reatha an Rialtais i leith féimheacht. Molaim an leasú seo don Teach. Maidir le leasuithe Uimh. 50 agus 51, a bhaineann leis na critéir i gcomhair ceapacháin, ní chím go bhfuil gá a leithéid a leagadh síos sa reachtaíocht mar gur ceisteanna riaracháin nó oibríochtúla atá iontu. Bíonn na cáilíochtaí agus critéir cheapacháin leagtha síos sa phróiseas riaracháin a bhaineann le PAS. Baineann na treoirlínte le PAS. Is sna treoirlínte sin an áit a leagtar amach na critéir agus na cáilíochtaí sin. Is ón Roinn a thagann na critéir sin. Leasaítear iad dá réir chun riachtanais reatha an bhoird ó thaobh scileanna agus taithí a léiriú. Tá sé tábhachtach go mbeadh guth na n-oileán ann, ach leagfar é sin amach sna critéir a chuireann an Roinn go dtí PAS. Mar shampla, iarradh sa chomórtas a reáchtáil PAS in 2022 chun gnáthchomhaltaí a cheapadh go mbeadh taithí fhairsing a léiriú i réimse amháin díobh seo ar a laghad: cur chun cinn na Gaeilge agus pleanáil teanga; forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta; agus forbairt pobail nó cur chun cinn na n-ealaíon. Chomh maith leis seo, athraíonn an saineolas a bhíonn ag teastáil ar bhord mar seo ó am go ham. Tá sé sin pléite agam ar feadh na n-uaireanta anois. Ní bheadh sé cuí go mbeadh liosta seasmhach sa reachtaíocht. Dá bhrí sin, ní féidir liom glacadh le leasú Uimh. 50. Mar a dúirt mé, tá sé tábhachtach dom go pearsanta agus don Roinn go mbeidh guth na n-oileán ar an mbord, ach maidir le leasú Uimh. 51, rachaidh na treoirlínte go PAS. Táim i m’Aire. Tá an ceart ag an Teachta Connolly. Tá an polasaí Our Living Islands againn, agus tá sé tábhachtach go n-úsáidfear guth na n-oileán i ngach caoi. Ach aontaím go mór go gcaithfear treoirlínte PAS a úsáid chun é seo a dhéanamh agus go mbeimis in ann a obair amach cé as na hoileáin agus cén t-oileán a bheadh ann agus cén chaoi a bpiocfaimis an duine agus an guth sin. Ag an bpointe seo, dearbhaím go láidir go mbeidh guth na n-oileán ar bhord an údaráis, ach nílim in ann glacadh leis an leasú ar an reachtaíocht seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-05-14/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:48+00:00 Sitting date: 2025-05-14