Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil) Dail Éireann — 2025-05-14 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Tairgim leasú Uimh. 52: Ar leathanach 31, idir líne 5 agus líne 6, an méid seo a leanas a chur isteach: “(f) i mír 7(2)— (i) tríd an gclásal seo a leanas a chur in ionad chlásal (a): “(a) má bhreithnítear ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í agus mura mbeidh an fhéimheacht sin neamhnithe ná urscaoilte,”, agus (ii) tríd an gclásal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh chlásal (a): “(aa) más pearsa aonair é nó í is páirtí i gcomhshocraíocht dócmhainneachta (de réir bhrí an Achta um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012) nach bhfuil scortha d’éifeacht a bheith léi,”,”. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-05-14/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:48+00:00 Sitting date: 2025-05-14