Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil) Dail Éireann — 2025-05-14 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Tairgim leasú Uimh. 57: Ar leathanach 33, líne 12 go líne 25, na focail go léir ó “Leasaítear” ar líne 12, agus an focal sin san áireamh, síos go dtí líne 25, agus an líne sin san áireamh, a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: “Leasaítear an tAcht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997— (a) in alt 19(7), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c): “(ca) go mbaineann sé le toghchán, de réir bhrí an Achta um Údarás na Gaeltachta, 1979, mura rud é go bhfuil an fógrán ann sula ndéanann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ordú lena gceaptar an lá ar a dtógfar an vótaíocht, nó ar feadh 7 lá nó tréimhse is faide ná sin tar éis an lae is déanaí ar ar tógadh an vótaíocht don toghchán, nó”, agus (b) in alt 21(3), trí “pobalbhreith de réir bhrí Chuid 6 den Acht Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh) agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2024, toghchán de réir bhrí an Achta um Údarás na Gaeltachta, 1979,” a chur in ionad “pobalbhreith de réir bhrí Chuid 6 den Acht Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh) agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2024,” i mír (b).” --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-05-14/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:48+00:00 Sitting date: 2025-05-14