Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil) Dail Éireann — 2025-05-14 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Tá sé go léir ráite ag an Teachta Dála agus ní mé chun é a athrá ach tá sé deacair glacadh le leasuithe mar seo. Tá an tAire ag rá gur rudaí teicniúla amháin iad agus nach bhfuil aon athrú suntasach i gceist. An athruithe teicniúla iad seo? Sin rud amháin. Muna leasuithe teicniúla iad, ní féidir glacadh le hathruithe mar seo. Tá an méid sin le léamh. Dhírigh mise isteach air agus mé á léamh agus chuir mé marc le “sheirbhísí craolacháin closamhairc” freisin. Níl mé chun aon phointe a dhéanamh ag an staid seo mar níl mé in ann. Ba mhaith breathnú ar cad atá i gceist agus cad atá taobh thiar de seo. Má tá an tAire ag rá gur rudaí teicniúla iad, creidim é mar dúirt sé sin maidir le rudaí eile. Ach ní cloisim go soiléir uaidh gur rudaí teicniúla atá i gceist so ba mhaith liom breathnú air seo. D’iarr an tAire orainn leasuithe a tharraingt siar. B’fhéidir go mbeadh an tAire in ann an leasú seo a tharraingt siar ionas go mbeadh soiléireacht agus cinnteacht i gceist. Oibríonn sé sa dá threo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-05-14/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:48+00:00 Sitting date: 2025-05-14