Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil) Dail Éireann — 2025-05-14 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Tairgim leasú Uimh. 61: Ar leathanach 35, líne 1 agus líne 2 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: “(2) Tiocfaidh fo-alt (1)(a) i ngníomh cibé tráth is déanaí díobh seo a leanas— (a) an tráth a achtófar an tAcht seo, nó (b) tráth thosach feidhme alt 4(c) d’Acht 2021. (3) Tiocfaidh míreanna (b) agus (c) d’fho-alt (1) i ngníomh cibé tráth is déanaí díobh seo a leanas— (a) an tráth a achtófar an tAcht seo, nó (b) tráth thosach feidhme alt 5 d’Acht 2021. (4) Tiocfaidh fo-alt (1)(d) i ngníomh ar an Acht seo a achtú. (5) Tiocfaidh fo-alt (1)(e) i ngníomh cibé tráth is déanaí díobh seo a leanas— (a) an tráth a achtófar an tAcht seo, nó (b) tráth thosach feidhme alt 17 d’Acht 2021. (6) San alt seo, ciallaíonn “Acht 2021” Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.”. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-05-14/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:53:48+00:00 Sitting date: 2025-05-14